D'fhreagair an fear eile: “Is fáidh mise ar aon dul leat, agus dúirt aingeal liom ar ordú an Tiarna: ‘Tabhair leat ar ais chun do thí é ionas go gcaithfeadh sé bia agus deoch.’ ” Ach ba bhréag a d'inis sé dó.
Más iníon a bheireann sí, bíodh sí neamhghlan ar feadh coicíse, mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa; caithfidh sí fanacht sé lá agus trí fichid eile i bhfuil a híonghlanta.
Bhuail eagla a gcraicinn an fhoireann ansin agus dúirt siad leis: “Céard é seo atá déanta agat?” Bhí a fhios acu, dar ndóigh, ón scéal a d'inis sé dóibh, go raibh sé ar a theitheadh ó láthair an Tiarna.
Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost.
ach dúirt Samúéil leis: “Cad tá déanta agat?” D'fhreagair Sól: “Chonaic mé an t‑arm do mo thréigean, agus á scaipeadh, agus ní raibh tusa tagtha faoin lá a ceapadh, ach bhí na Filistínigh ag tionól i Micmeáis.
“Thugadar leo iad ó na hAmáiléicigh,” arsa Sól, “mar go ndearna an pobal anacal ar thogha na gcaorach agus na ndamh lena n‑ofráil don Tiarna, do Dhia-sa; chuireamar an chuid eile faoin mbang.”