“Cé dúirt leat,” ar seisean, “go raibh tú nocht? An ag ithe a bhí tú den chrann a d'aithin mé duit gan ithe de?”
D'fhreagair sé: “Chuala mé do ghuth sa ghairdín agus bhí eagla orm mar go raibh mé nocht, agus chuaigh mé i bhfolach.”
“An bhean a thug tú dom mar chéile,” arsa an fear, “ise a thug toradh as an gcrann dom, agus d'ith mé é.”
“Cad tá déanta agat?” arsa an Tiarna. “Tá guth fhuil do dhearthár ag glaoch orm as an talamh.
Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost? An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é? Táim do do cheartú agus do do chúisiú.
Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomhlíonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí.