Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 28:6

An Bíobla Naofa 1981

Chonaic Éasau gur chuir Íosác a bheannacht ar Iacób agus gur sheol sé go Padan Arám é chun bean a fháil ann, agus á bheannú dó gur thug sé ordú: “Ná pós bean de mhná na gCanánach”;

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Bhí Íosác daichead bliain nuair a phós sé Ribeacá, iníon Bhatúél an t‑Arámach as Padan Arám, agus deirfiúr Lábán an tArámach.

Bhuail taom de bhallchrith Íosác agus dúirt: “Cérbh é siúd mar sin,” ar sé, “a chuaigh ag fiach agus a fuair seilg agus a thug chugam í agus gur ith mé í go léir sula dtainig tú? Chuir mé mo bheannacht air, sea, agus is air a fhanfaidh mo bheannacht!”

Asin ghlaoigh Íosác ar Iacób agus bheannaigh é agus thug an t‑ordú seo dó: “Ná pós bean de mhná na gCanánach.

agus gur ghéill Iacób dá athair agus dá mháthair agus go ndeachaigh sé go Padan Arám.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí