Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 28:5

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Íosác Iacób chun siúil agus d'imigh Iacób go Padan Arám, go Lábán mac Bhatúél an tArámach, deartháir Ribeacá, máthair Iacób agus Éasau.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

ba é Batúél athair Ribeacá. Sin iad an t‑ochtar clainne a rug Milceá do Náchór, deartháir Abrahám.

Bhí bia agus deoch aige féin agus ag a chomhluadar agus chaitheadar an oíche ansiúd. Ar n‑éirí dóibh ar maidin dúirt sé: “Scaoiligí ar ais chun mo mháistir mé.”

Bhí Íosác daichead bliain nuair a phós sé Ribeacá, iníon Bhatúél an t‑Arámach as Padan Arám, agus deirfiúr Lábán an tArámach.

Anois mar sin a mhic ó, éist le mo ghlór: Éirigh, teith go Lábán mo dheartháir i Hárán

Imigh leat soir go Padan Arám go teach Bhatúél, athair do mháthar, agus tóg ón áit sin duine d'iníonacha Lábán, deartháir do mháthar, mar bhean duit féin.

Chuaigh Iacób ar aghaidh agus tháinig sé go dtí tír mhuintir an Oirthir.

D'inis sé do Ráchael gurbh é bráthair a hathar é, agus mac Ribeacá. Rith sí léi á insint sin dá hathair.

Ach tháinig an Tiarna i dtaibhreamh oíche chun Lábán an tArámach agus dúirt leis: “Ná habair aon ní ar aon chor ar aon chúinse le Iacób.”

Shroich Iacób teach a athar Íosác i Mamrae, Ciriat Arba is é sin nó Heabrón, mar ar lonnaigh Abrahám agus Íosác.

Bhí trádáil ag Eadóm leat mar gheall ar iomad d'earraí; dhíolaidís ar do mhargadh carmhogail, corcra, obair bhróidnéirithe, línéadach mín, coiréal agus rúibíní.

Gileád! is í an urchóid í! níl iontu ach calaois! I nGilgeál ofrálann siad íobairtí do thairbh! Dá bhrí sin beidh a n‑altóirí cosúil le cairn chloch i gclaiseanna na ngort.

Ansin, i bhfianaise an Tiarna do Dhia, déan an dearbhú seo leanas: ‘Deoraí Aramaeigh a ba ea m'athair. D'imigh sé leis ó dheas chun na hÉigipte ar bheagán slua, agus chuir faoi inti; ach rinne náisiún mór cumasach líonmhar ansiúd de.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí