Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 28:3

An Bíobla Naofa 1981

Go mbeannaí Dia Uilechumhachtach thú agus go gcuire sé an rath ort agus sliocht iomadúil i dtreo go ndéana baicle ciníocha díot.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Agus dúirt Iacób le Iósaef: “Thaispeáin Dia Uilechumhachtach é féin dom i Lúz i dtír Chanán agus chuir a bheannacht orm

Agus dúirt Dia leis: “Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht.

Déanfaidh mé do shíol mar an luaithreach ar an talamh i dtreo má fhéadann daoine na cáithníní luaithe ar an talamh a chomhaireamh, ansin féadfaidh siad do shíolsa a chomhaireamh!

Bheannaigh an Tiarna Naoi agus a chlann mhac agus dúirt sé leo: “Bíodh an rath oraibh, téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh.

Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.”

Go ndeonaí Dia Uilechumhachtach trócaire daoibh ina láthair siúd i dtreo go seolfaidh sé ar ais bhur ndeartháir eile in éineacht le Biniáimin. Maidir liomsa, más é atá i ndán dom mo chlann a chailliúint, caillfidh mé iad.”

Thug sé Eafráim ar an dara mac; “mar,” ar sé, “chuir Dia an rath orm i dtír mo chiaptha.”

Chuireadar beannacht ar Ribeacá agus dúradar léi: “A dheirfiúr linn, bíodh an rath ort! Go raibh na mílte de dheich mílte ar do shliocht! Go raibh seilbh ag do shíol Ar gheataí a naimhde.”

Ní fhaca mé teampall inti, óir is é an Tiarna Dia Uilechumhachtach, agus an tUan, is teampall aici.

Beidh mé i m'athair agaibh agus beidh sibhse in bhur gclann mhac agus iníonacha agamsa, arsa an Tiarna uilechumhachtach.”

Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann; is tuarastal é toradh na broinne.

Thaispeánas mé féin d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób faoin ainm ‘Dia Uilechumhachtach’; ach níor chuireas mé féin in aithne dóibh faoi m'ainm féin ‘an Tiarna.’

Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 1 Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith á faire.

D'éist mé le do ghuí ar son Ísmeáél chomh maith. Féach, beannóidh mé é agus cuirfidh mé an rath air, agus sliocht líonmhar thar na bearta; beidh sé ina athair ar dháréag flaith agus déanfaidh mé cine mór de.

Cuirfidh mé an rath ar do shíol mar réaltaí neimhe, agus tabharfaidh mé na dúichí seo go léir do do shliocht; agus is trí do shliochtsa a bheannóidh ciníocha an domhain go léir iad féin.

Thaispeáin an Tiarna é féin dó an oíche sin agus dúirt: “Mise Dia d'athar Abrahám. Ná bíodh eagla ort, óir táimse farat. Beannóidh mé thú agus cuirfidh mé an rath go líonmhar ar do shíol, Ar son mo shearbhónta Abrahám.”

Bhuail taom de bhallchrith Íosác agus dúirt: “Cérbh é siúd mar sin,” ar sé, “a chuaigh ag fiach agus a fuair seilg agus a thug chugam í agus gur ith mé í go léir sula dtainig tú? Chuir mé mo bheannacht air, sea, agus is air a fhanfaidh mo bheannacht!”

á rá: ‘Féach! cuirfídh mé an rath ort agus méadóidh mé do shliocht, agus déanfaidh mé baicle ciníocha díot agus tabharfaidh mé an tír seo do do shliocht i do dhiaidh mar shealús go síoraí.’

ag Dia d'athar a chabhraíonn leat, ag Dia Uilechumhachtach a bheannaíonn thú, le beannachtaí an duibheagáin a luíonn thíos, le beannachtaí cíoch agus broinne,

Ach bhí an rath ar shliocht Iosrael agus chuadar i líonmhaire go mór; chuadar in iomadúlacht agus i dtreise go héachtach, i dtreo gur líonadar an tír.

Seo Boaz ag teacht ó Bheithil agus bheannaigh do na buanaithe: “Go raibh an Tiarna libh,” ar sé. D'fhreagair siadsan: “Go mbeannaí an Tiarna thú féin.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí