agus cuirfidh mé faoi bhrí na mionn thú, dar an Tiarna, Dia neimhe agus talún, gan bean a fháil do mo mhac ó iníonacha na gCanánach a bhfuil cónaí orm ina measc
Dúirt Ribeacá ansin le hÍosác: “Táim cortha den saol de bharr iníonacha Héat. Má phósann Iacób ceann d'iníonacha Héat, mar iad seo, duine de mhná na tíre seo, cén tairbhe dom a bheith beo feasta?”
Chonaic Éasau gur chuir Íosác a bheannacht ar Iacób agus gur sheol sé go Padan Arám é chun bean a fháil ann, agus á bheannú dó gur thug sé ordú: “Ná pós bean de mhná na gCanánach”;
Ansin tabharfaimid ar n‑iníonacha daoibh, agus tógfaimid bhur n‑iníonacha chugainn féin, agus déanfaimid cónaí in bhur measc agus déanfaidh aon chine amháin dínn araon.
Ansin chuir sé a bheannacht ar Iósaef á rá: “Dia ar shiúil m'aithreacha Abrahám agus Íosác ina radharc, Dia a bhí mar aoire agam ar feadh mo shaoil go léir go dtí seo,
Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n‑athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith.
tógaigí mná agus ginigí mic agus iníonacha; toghaigí mná do bhur mic; faighigí fir do bhur n‑iníonacha le go mbeire siadsan, ar a seal, mic agus iníonacha; caithfidh sibh dul i líonmhaire ansin agus ní i laghad.
Bhí tailte i mBáiseán tugtha ag Maois do leath-threibh Mhanaise; don leath eile thug Iósua tailte eile i measc a mbráithre ar bhruach thiar na Iordáine. Nuair a bhí Iósua á seoladh abhaile, chuir sé a bheannacht orthu