Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 27:7

An Bíobla Naofa 1981

‘Tabhair seilg chugam agus déan béile bia blasta dom. Ansin íosfaidh mé agus cuirfidh mé mo bheannacht ort i láthair an Tiarna roimh bhás dom.’

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

D'imigh sé ag triall ar an dá mheannán dá bhrí sin agus thug chun a mháthar iad agus rinne sise an béile bia blasta a thaitin le hÍosác.

Déan béile bia blasta dom mar is maith liom agus tabhair chugam é go n‑íosfaidh mé agus mo bheannacht a chur ort roimh bhás dom.”

dúirt Ribeacá lena mac Iacób: “Chuala mé d'athair ag caint le do dheartháir Éasau anois beag agus á rá leis:

Éist liom dá bhrí sin a mhic, agus déan mar a deirim leat.

Seo í an bheannacht lenar bheannaigh Maois, giolla Dé, clann Iosrael roimh bhás dó.

Um an dtaca sin chuir Iósua faoi bhrí an mhionna seo iad: Go raibh mallacht ar an té a éireoidh agus a thógfaidh an chathair seo (Ireachó) arís; ar a chéadghin a luífidh a bonn, agus an mac is óige leis a iompróidh a geataí.

Agus thaispeáin tú inniu a fheabhas a roinn tú liom sa mhéid nár mharaigh tú mé nuair a thug an Tiarna isteach i do láimh mé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí