Chuireadar beannacht ar Ribeacá agus dúradar léi: “A dheirfiúr linn, bíodh an rath ort! Go raibh na mílte de dheich mílte ar do shliocht! Go raibh seilbh ag do shíol Ar gheataí a naimhde.”
D'fhreagair Iacób: “Mise Éasau do chéadghin; rinne mé mar a dúirt tú. Éirigh aniar, agus ith den tseilg a thug mé chugat go gcuirfidh tú do bheannacht orm.”
“Más ea,” arsa Íosác, “tabhair chugam le hithe an tseilg a fuair mo mhac, go gcuirfidh mé mo bheannacht ort.” Thug sé chuige í agus d'ith sé; agus thug sé fíon chuige agus d'ól sé.
Tháinig sé i leith chuige agus thug póg dó. Fuair sé mos agus boladh a chuid éadaigh agus bheannaigh é agus dúirt: “An boladh atá ó mo mhac, is cosúil é leis an mboladh ó ghort torthúil ar a bhfuil beannacht ón Tiarna.
Rinne seisean leis bia blasta a chóiriú agus thug leis chun a athar é. Agus dúirt sé lena athair: “Éirigh aniar, a athair, agus ith den tseilg a thug do mhac leis agus ansin tabhair dom do bheannacht.”
“Sin iad,” arsa Iósaef lena athair, “mo mhic-sé, a bhronn Dia anseo orm.” Agus dúirt seisean: “Tabhair anseo i leith chugam iad, le do thoil, go gcuirfidh mé mo bheannacht orthu.”
Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n‑athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith.
Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -