Níor aithin sé é mar go raibh fionnadh ar a lámha mar lámha Éasau, agus chuir sé a bheannacht air.
Dúirt Iacób lena mháthair Ribeacá: “Féach, tá mo dheartháir Éasau lán d'fhionnadh, ach tá mo chneas-sa mín.
agus chlúdaigh sí a ghéaga agus mín a mhuiníl le seithí na meannán.
Dhruid Iacób suas taobh le hÍosác a athair, agus leag seisean lámh air agus dúirt: “Guth Iacóib é an guth, ach lámha Éasau iad na lámha.”
“An tú dáiríre mo mhac Éasau?” ar sé, agus d'fhreagair sé: “Is mé sin.”
Trí chreideamh freisin thug Íosác beannacht do Iacób agus do Éasau a thiocfadh i gcrích lá níos sia anonn.