Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 27:19

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair Iacób: “Mise Éasau do chéadghin; rinne mé mar a dúirt tú. Éirigh aniar, agus ith den tseilg a thug mé chugat go gcuirfidh tú do bheannacht orm.”

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

An duine ba thúisce acu a saolaíodh, bhí sé rua agus é amhail is a bheadh a chorp fillte i mbrat fionnaidh; uime sin thugadar Éasau air.

B'fhearr le hÍosác Éasau mar go bhfuair sé blas ar an tseilg; ach b'fhearr le Ribeacá Iacób.

Chuaigh sé i láthair a athar: “A athair,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean, “agus cé hé thú féin, a mhic?”

Ansin dúirt Íosác le Iacób: “Tar i leith chugam, a mhic, go leagfaidh mé lámh ort agus go mbeidh a fhios agam an tú dáiríre mo mhac Éasau nó nach tú.”

Rinne seisean leis bia blasta a chóiriú agus thug leis chun a athar é. Agus dúirt sé lena athair: “Éirigh aniar, a athair, agus ith den tseilg a thug do mhac leis agus ansin tabhair dom do bheannacht.”

D'fhreagair sé: “Tháinig do dheartháir trí chealg agus sciob sé leis do bheannacht.”

Déan béile bia blasta dom mar is maith liom agus tabhair chugam é go n‑íosfaidh mé agus mo bheannacht a chur ort roimh bhás dom.”

agus go ndéana sé dearmad dá bhfuil déanta agat ina aghaidh; ansin cuirfidh mé fios ort agus tabharfaidh mé ar ais thú on áit sin. Cén fáth go gcaillfinn sibh araon san aon lá amháin?”

D'fhreagair an fear eile: “Is fáidh mise ar aon dul leat, agus dúirt aingeal liom ar ordú an Tiarna: ‘Tabhair leat ar ais chun do thí é ionas go gcaithfeadh sé bia agus deoch.’ ” Ach ba bhréag a d'inis sé dó.

Agus dúirt Iarobám lena bhean: “Téanam, le do thoil! Cuir bréagriocht ort féin ionas nach n‑aithneoidh aon duine gur tú bean Iarobám, agus téigh go Sileo. Tá an fáidh Aichíá ansiúd, an té a dúirt go mbeinnse i mo rí ar an bpobal seo.

Deir sibh: “Tá conradh déanta againn leis an mBás, agus le Seól tá muid tagtha ar réiteach. Rabharta an aimhlis, nuair a thiocfaidh sé thart, ní shroichfidh sé fad linne; mar tá dídean faighte againn sa bhréag, agus sa chealg fuaireamar foscadh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí