Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 26:7

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chuir muintir na háite ceist air faoina bhean, d'fhreagair sé: “Is í mo dheirfiúr í,” mar bhí eagla air a rá: “Is í mo bhean í,” le faitíos go gcuirfidís é féin chun báis ar son Ribeacá de bharr feabhas a scéimhe.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Agus é ar tí dul isteach san Éigipt dúirt Abrám lena bhean Sáraí: “Féach anois, tá a fhios agam gur sciamhach an bhean tú le féachaint ort.

Abair leo gur tú mo dheirfiúr i dtreo go rithfidh go maith liom de do chionn-sa agus go ndéanfaí anacal orm ar do shonsa.”

Nuair a chonaic flatha Fhorainn í, mholadar í i láthair Fhorainn agus tugadh an bhean isteach i bpálás Fhorainn.

“Rinne mé é,” arsa Abrahám, “mar gur mheas mé nach mbeadh aon eagla Dé ar aon chor san áit seo agus go maródh na daoine mé de bharr mo mhná.

Is é a dúirt Abrahám faoina chéile Sárá: “Is í mo dheirfiúr í,” agus chuir Aibímeilic rí Ghearár fios ar Shárá agus ghabh chuige féin í.

Nach ndúirt sé féin: ‘Is í mo dheirfiúr í’ agus dúirt sí féin: ‘Is é mo dheartháir é.’ Rinne mé é seo le hionracas croí agus le glaine lámh.”

Ógbhean le barr sceimhe a ba ea í agus maighdean nach raibh cuid ag fear di. Chuaigh sí síos chun an tobair, líon a crúsca agus tháinig aníos.

D'fhan Íosác i nGearár dá bhrí sin.

Tharla, agus tamall fada caite aige ann, gur fhéach Aibímeilic, rí na bhFilistíneach, amach trí fhuinneog agus go bhfaca sé Íosác ag láínteacht lena bhean Ribeacá.

Ní raibh aon phreab i súile Léá, ach bhí Ráchael sciamhach dealraitheach,

Is gaiste é eagla roimh dhaoine, ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna.

“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.

A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son d'fhonn í a choisreacan do Dhia.

Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí