Geineasas 26:5An Bíobla Naofa 1981Óir bhí Abrahám umhal do mo ghlór agus rinne sé mo réir, chomhlíon sé m'aitheanta agus mo reachtanna agus mo dhlíthe.” Féach an chaibidil |
Dá bhrí sin, an té a chuirfidh aon aithne ar ceal den chuid is lú de na haitheanta seo, agus a mhúinfidh do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh, measfar é sin ar an té is lú i ríocht na bhflaitheas. Ach an té a choimeádfaidh iad agus a mhúinfidh, measfar eisean ina dhuine mór i ríocht na bhflaitheas.