Cuirfidh mé an rath ar do shíol mar réaltaí neimhe, agus tabharfaidh mé na dúichí seo go léir do do shliocht; agus is trí do shliochtsa a bheannóidh ciníocha an domhain go léir iad féin.
Déanfaidh mé do shíol mar an luaithreach ar an talamh i dtreo má fhéadann daoine na cáithníní luaithe ar an talamh a chomhaireamh, ansin féadfaidh siad do shíolsa a chomhaireamh!
Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá: “Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo ó Abhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes,
Agus thug sé leis amach é agus dúirt: “Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin,” ar sé ansin, “a bheidh do shíol.”
Thaispeáin an Tiarna é féin dó an oíche sin agus dúirt: “Mise Dia d'athar Abrahám. Ná bíodh eagla ort, óir táimse farat. Beannóidh mé thú agus cuirfidh mé an rath go líonmhar ar do shíol, Ar son mo shearbhónta Abrahám.”
Beidh do shliocht mar luaithreach na talún, agus leathfaidh tú siar agus soir, ó thuaidh agus ó dheas; agus is tríotsa agus trí do shliocht a bheannóidh treibheanna uile an domhain iad féin.
Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: ‘Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.’ ”
Is sibhse oidhrí na bhfáithe agus oidhrí an chonartha a rinne Dia le bhur n‑aithreacha nuair a dúirt sé le hAbrahám: ‘Gach cine ar talamh, beannófar é i do shliochtsa.’
Anois, is d'Abrahám agus dá shíol a tugadh na gealltanais, agus féach ní “do do shíolta” atá ráite faoi mar bheifí ag tagairt dá lán daoine, ach “do do shíol” - ag tagairt don aon duine amháin, is é sin, do Chríost.
Chonaic an scrioptúr roimh ré gur de bharr an chreidimh a fhíréanódh Dia na gintlithe agus réamhfhógair an dea-scéal sin d'Abrahám: “Beannófar ionatsa na náisiúin uile.”
Ná coinnigh siar aon ní dár cuireadh faoi bhang i dtreo go gcasfadh an Tiarna ó fhraoch a fheirge, agus trócaire a dhéanamh ort, trua a bheith aige duit, agus an rath a chur ort mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha -
Ní de bharr do fhíréantachta ná do dhúthracht croí atá tú ag dul i seilbh na tíre seo leo, ach de bharr choirpeacht na gciníocha seo tá an Tiarna do Dhia á dhíbirt romhat agus chun go gcoimeádfadh sé an briathar a mhionnaigh sé do d'aithreacha d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób.