Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 26:29

An Bíobla Naofa 1981

nach ndéanfaidh tusa aon dochar dúinn, faoi mar nach ndearnamarna riamh aon díobháil duit ach bhíomar i gcónaí cineálta leat agus chuireamar chun siúil tú faoi shíocháin. Anois tá beannacht an Tiarna ort.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

“Tar isteach,” ar sé, “tusa a bheannaigh an Tiarna; cad a ba áil leat i do sheasamh anseo amuigh? óir tá an teach i gcóir duit agus áit do do chamaill.”

Um an dtaca sin tháinig Aibímeilic agus Fíocol, a thaoiseach airm, agus dúirt le hAbrahám: “Bíonn Dia leat i ngach ní a dhéanann tú.

Go raibh beannacht an Tiarna anuas oraibh ón té a rinne neamh agus talamh.

dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde.

Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d'ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.

Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort. Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort. Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile An domhain iad féin a bheannú.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí