agus rinne fear saibhir de agus mhéadaigh ar a mhaoin i gcónaí go dtí go raibh sé an-ghustalach ar fad.
Bhí Abrám an-saibhir le heallach, le hairgead agus le hór.
“Is éachtach mar a bheannaigh an Tiarna mo mháistir; is an-saibhir an fear anois é. Thug sé dó táinte agus tréada, airgead agus ór, daoir agus daoirseacha, camaill agus asail.
D'éirigh Iacób saibhir thar na bearta agus bhí tréada líonmhara, agus daoir agus daoirseacha agus camaill agus asail ina sheilbh aige.
Beidh maoin is maitheas ina theaghlach; mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche.
Beannacht an Tiarna a bhronnann saibhreas, agus ní chuireann seisean dólás léi.