Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 26:12

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Íosác síol sa tír agus bhain sé fómhar faoi chéad an bhliain sin. Chuir an Tiarna a bheannacht airsean,

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Bhí Abrahám ina sheanduine, anonn go maith sna blianta, agus bhí beannacht an Tiarna air ina chúrsaí go léir.

“Is éachtach mar a bheannaigh an Tiarna mo mháistir; is an-saibhir an fear anois é. Thug sé dó táinte agus tréada, airgead agus ór, daoir agus daoirseacha, camaill agus asail.

Tar éis bháis d'Abrahám, chuir Dia a bheannacht ar a mhac Íosác, agus bhí cónaí ar Íosác i gcomharsanacht Thobar an Bheo a Fheiceann.

nach ndéanfaidh tusa aon dochar dúinn, faoi mar nach ndearnamarna riamh aon díobháil duit ach bhíomar i gcónaí cineálta leat agus chuireamar chun siúil tú faoi shíocháin. Anois tá beannacht an Tiarna ort.”

Fan go fóill sa tír seo agus beidh mise farat agus cuirfidh mé mo bheannacht ort. Óir is duitse agus do do shliocht a thabharfaidh mé na dúichí seo go léir, agus comhlíonfaidh mé an mionn a thug mé do bhur n‑athair Abrahám.

Óir is éachtach mar a mhéadaigh ar an mbeagán a bhí agat nuair a tháinig mise, agus chuir an Tiarna a bheannacht ort cibé treo inar iompaigh mé, ach cathain a dhéanfaidh mé soláthar do mo theaghlach féin chomh maith?”

Bheannaigh an Tiarna Iób i ndeireadh a shaoil thar mar a rinne i dtosach, ionas go raibh ceithre mhíle déag caora agus sé mhíle camall agus míle cuingir damh, agus míle asal baineann aige.

Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú.

Go raibh flúirse arbhair sa tír go mullach na sléibhte. Go raibh seordán a thoradh amhail an Liobáin agus lucht na gcathracha faoi bhláth mar fhéar ar an talamh.

Beannacht an Tiarna a bhronnann saibhreas, agus ní chuireann seisean dólás léi.

Dá bhrí sin cuir an síol ar maidin agus um thráthnóna ná bíodh do lámh díomhaoin; mar níl a fhios agat cé acu den dá shíolchur a thabharfaidh toradh uaidh nó an mbeidh an rath céanna orthu araon.

“Beidh rath agus bláth ar a síol; tabharfaidh an fhíniúin a caora agus an talamh a thorthaí; fearfaidh na spéartha a ndrúcht, agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seo i seilbh na maitheasaí seo go léir.

Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”

Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile.

Ach thit gráinní eile ar an talamh maith agus thug toradh uathu ag fás suas agus ag méadú, agus bhí barr air faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”

mise a chuir an síol, Apollós a chuir an t‑uisce leis ach is é Dia a chuir ag fás é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí