Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 26:11

An Bíobla Naofa 1981

Ansin thug Aibímeilic ordú dá mhuintir go léir: “Aon duine a leagfaidh lámh ar an bhfear seo nó ar a bhean, cuirfear chun báis é.”

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Dia leis san fhís: “Is fíor duit. Tá a fhios agam gur le hionracas croí a rinne tú é seo; agus is mise a choinnigh tú ó pheaca a dhéanamh i m'aghaidh. Uime sin níor cheadaigh mé duit baint léi.

Chuir Íosác síol sa tír agus bhain sé fómhar faoi chéad an bhliain sin. Chuir an Tiarna a bheannacht airsean,

“Ná leomhadh sibh baint le m'ungthaigh; ná déanaigí dochar do m'fháithe.”

Mar sin a bhíonn ag an té a luíonn le bean a chomharsan; ní rachaidh aon duine a bhainfidh léi slán gan phionós.

agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí