Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 25:5

An Bíobla Naofa 1981

Thug Abrahám a raibh aige do Íosác,

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

“Is éachtach mar a bheannaigh an Tiarna mo mháistir; is an-saibhir an fear anois é. Thug sé dó táinte agus tréada, airgead agus ór, daoir agus daoirseacha, camaill agus asail.

Sárá, bean mo mháistir, rug sí mac dó ina seanaois; thug sé a bhfuil aige dósan.

Agus is iad clann Mhidián: Éafá agus Éifir agus Hanoch agus Aibídeá agus Ealdá. Clann Chatúrá iadsan go léir.

Bhí táinte agus tréada agus a lán searbhóntaí aige i dtreo go dtáinig formad ar na Filistínigh leis.

Tá na mílte agus na mílte de charbaid Dé ann; tháinig an Tiarna ó Shíonái chun an ionaid naofa.

Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.

Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.

faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine, ionas, gach duine a thug tú dó, go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh.

Tá grá ag an Athair don Mhac agus tá gach uile ní tugtha ina láimh aige dó.

agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith.

Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?

Agus más le Críost sibh, is síol Abrahám sibh chomh maith agus tá sibh in bhur n‑oidhrí aige de réir mar a bhí geallta.

Is sibhse, a bhráithre, an chlann a rugadh de bharr gealltanais, dála Íosác.

Mar is ann ab áil le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,

ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí