Ach má chuireann a hathair ina coinne an lá a chluineann sé ina taobh, ní bheidh aon mhóid a thug sí bailí, ná aon gheall lenar cheangail sí í féin. Maithfidh an Tiarna di mar gur chuir a hathair ina coinne.
Ach an lá a chluineann an fear é, má chuireann sé ina choinne os ard, ansin cuirfidh sé an mhóid a thug sí, nó an focal éaganta gill lenar cheangail sí í féin, ar ceal. Maithfidh an Tiarna di é.
“A bhráithre agus a aithreacha,” ar seisean, “éistigí liom. Thaispeáin Dia na Glóire é féin dár n‑athair Abrahám nuair a bhí sé sa Mheaspatáim sula ndeachaigh sé chun cónaithe i gCáran