Bhí bia agus deoch aige féin agus ag a chomhluadar agus chaitheadar an oíche ansiúd. Ar n‑éirí dóibh ar maidin dúirt sé: “Scaoiligí ar ais chun mo mháistir mé.”
“Ná cuirigí moill orm,” ar sé leo, “mar is é an Tiarna a chuir bail ar m'aistear. Scaoiligí liom ag triall ar mo mháistir.”
Scaoileadar chun siúil dá bhrí sin Ribeacá a ndeirfiúr agus a buime, agus searbhónta Abrahám agus a chuid fear.
Nuair a rug Ráchael Iósaef, dúirt Iacób le Lábán: “Scaoil chun siúil mé i dtreo go rachaidh mé chun mo bhaile féin agus mo thíre féin.
Ansin chuir sé a dheartháireacha chun siúil, agus is é focal deireanach a bhí aige dóibh ag imeacht: “Ná bíodh aon aighneas eadraibh ar an tslí.”
Ansin dúirt Aichímeáz mac Zádóc: “Caithfidh mé rith agus a rá leis an rí gur fhuascail an Tiarna é ó láimh a naimhde.”
An bhfeiceann tú duine atá oilte ar a ghnó? déanfaidh sé freastal ar ríthe; ní do shuaracháin a bheidh sé ag fónamh.
Ná habair: “Cén fáth a raibh an seansaol níos fearr ná an saol atá ann anois?” Óir, níor chríonna an mhaise duit a leithéid de cheist a chur.