Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 24:5

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair an searbhónta é: “B'fhéidir nárbh áil leis an mbean teacht liom chun na dúiche seo; ansin cad a dhéanfainn? An gcaithfinn ansin do mhac a bhreith ar ais chun na tíre as ar tháinig tú?”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Dúirt mé le mo mháistir: ‘B'fhéidir nárbh áil leis an mbean teacht liom.’

ach, ina ionad sin, dul ag triall ar mo thír dhúchais agus ar mo mhuintir féin chun bean a fháil do mo mhac Íosác.”

Agus ghlaodar ar Ribeacá agus chuireadar ceist uirthi: “An rachaidh tú leis an bhfear seo?” “Déanfaidh mé,” ar sí.

“Ná beir mo mhac ansiúd ar ais ar aon chúinse, féach!” arsa Abrahám.

Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.

Má dhiúltaíonn tú ligean dóibh imeacht ach greim a choimeád orthu go fóill,

Ní dhéanann an duine críonna beart gan eolas, ach déanann an t‑amadán a bhaois a fhógairt os ard.

Má mhionnaíonn tú: ‘Go maire an Tiarna’ go fírinneach, go fíréanta agus go macánta, beannóidh na ciníocha iad féin ionat, agus is ionat a bheidh a nglóir.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí