Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 24:45

An Bíobla Naofa 1981

Sula raibh deireadh ráite agam liom féin, ba sheo amach Ribeacá agus a crúsca ar a gualainn; síos léi chun an tobair agus tharraing. ‘Tabhair dom deoch le do thoil,’ arsa mise léi.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Bíodh deoch agat, agus tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith - gurab í sin an bhean a roghnaigh an Tiarna do mhac mo mháistir.’

ós tusa, Tiarna na Slua, Dia Iosrael, a d'fhoilsigh seo do do shearbhónta á rá: ‘Tógfaidh mé teaghlach duit’; dá bhrí sin tá sé de mhisneach ag do sheirbhíseach an phaidir seo a chur suas chugat.

“Céard atá tú ag iarraidh orm, mar sin?” arsan rí liom. Chuir mé guí suas chun Dé neimhe ansin

Ansin, má ghlaonn tú, tabharfaidh an Tiarna freagra ort; nuair a scairtfidh tú, déarfaidh sé: “Seo anseo mé.” Má dhíbríonn tú an leatrom as do chúrsaí, bagairt na méire agus an chaint urchóideach,

Is amhlaidh a thabharfaidh mé freagra sula nglao siad; agus iad fós ag caint, beidh siad cloiste agam.

“Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.

D'fhreagair Coirnéilias: “An taca seo trí lá ó shin bhíos ag rá m'urnaithe tráthnóna i mo theach nuair a sheas duine os mo chomhair agus é cóirithe in éadaí geala.

Ar an gcuma chéanna tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní eol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí