A luaithe a chonaic sé an fáinne agus na bráisléid a bhí á gcaitheamh ag a dheirfiúr, agus gur chuala sé a ndúirt Ribeacá a dheirfiúr: “A leithéid seo ar sé liom,” chuaigh sé go dtí an fear; agus, féach! bhí seisean ina sheasamh lena chamaill ag an tobar.
Chuireadar beannacht ar Ribeacá agus dúradar léi: “A dheirfiúr linn, bíodh an rath ort! Go raibh na mílte de dheich mílte ar do shliocht! Go raibh seilbh ag do shíol Ar gheataí a naimhde.”
Imigh leat soir go Padan Arám go teach Bhatúél, athair do mháthar, agus tóg ón áit sin duine d'iníonacha Lábán, deartháir do mháthar, mar bhean duit féin.
Nuair a chuala Lábán an scéala faoi Iacób, mac a dheirféar, rith sé chuige, rug barróg air, phóg go dil díocra é agus thug leis abhaile é. D'inis Iacób dó gach ar tharla.