Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 24:2

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Abrahám leis an sinsear ar shearbhóntaí a theaghlaigh, an té a bhí i bhfeighil a raibh de mhaoin aige: “Cuir do lámh faoi mo cheathrú

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

“A Thiarna Dia liom,” arsa Abrám, “cad a thabharfaidh tú dom? Táim fós gan chlann...

“Searbhónta Abrahám mise,” ar sé.

Chuir mo mháistir mise faoi bhrí na mionn á rá: ‘Ní bhfaighidh tú bean do mo mhac ó iníonacha na gCanánach, a bhfuil cónaí orm ina measc.

Ansin thug [Iósaef] ordú dá reachtaire: “Líon málaí na bhfear,” ar sé, “de bhia, oiread agus is féidir dóibh a iompar, agus cuir airgead gach duine i mbéal a mhála;

Nuair a bhí an bás ag druidim le hIosrael, ghlaoigh sé chuige a mhac Iósaef agus dúirt sé leis: “Má fuair mé fabhar i do láthair, cuir, impím ort, do lámh faoi mo cheathrú agus geall go mbeidh tú go dílis fírinneach liom. Ná hadhlaic mé san Éigipt,

Ach lean sé air: “Tabhair do mhionn dom,” agus thug sé sin dó. Ansin lig Iosrael é féin siar ar an adhairt.

Tháinig oifigigh a theaghlaigh agus sheas siad thart timpeall air; d'iarradar air éirí ón talamh, ach dhiúltaigh sé agus ní ghlacfadh sé bia ar bith leo.

Rinne a shearbhónta Zimrí, ceannaire leath a chairbtheach, comhcheilg ina aghaidh agus nuair a bhí sé ar meisce le teann óil i dteach Arzá, fear a bhí ina reachtaire ar an bpálás i dTirzeá,

Thug na taoisigh go léir, agus na curaidh go léir, agus clann mhac Dháiví, a ngéillsine do Sholamh rí.

Na seanóirí a chruthaíonn go maith mar uachtaráin, tá a dhá oiread onóra ag dul dóibh, agus iad siúd go háirithe a chaitheann a ndúthracht leis an tseanmóireacht agus leis an teagasc,

D'fhreagair saoiste na meithle: “Sin í an cailín Móábach a tháinig ar ais le Náoimí ó thír Mhóáb,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí