Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 24:18

An Bíobla Naofa 1981

“Bíodh deoch agat, a thiarna,” ar sí á fhreagairt agus lig sí an crúsca anuas ar a géag gan mhoill agus thug deoch dó.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

An cailín a ndéarfaidh mé léi dá bhrí sin: ‘Leag do chrúsca ar an talamh agus lig dom deoch a ól,’ agus a fhreagróidh: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith,’ go mba ise, guím thú, an bhean atá roghnaithe agat do do shearbhónta Íosác. Uaidh seo beidh a fhios agam go bhfuil tú cineálta le mo mháistir Abrahám.”

Lig sí a crúsca dá gualainn gan mhoill agus dúirt: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith.’ D'ól mé deoch dá bhrí sin agus thug sí deoch do na camaill leis.

Bhí sí ar tí imeacht faoina choinne nuair a ghlaoigh sé uirthi: “Ar mhiste leat,” ar sé, “blúire aráin a thabhairt chugam i do láimh.”

Nuair a osclaíonn sí a béal, déanann sí é le stuaim; agus tá teagasc caoin ar a beola.

Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí