Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 24:14

An Bíobla Naofa 1981

An cailín a ndéarfaidh mé léi dá bhrí sin: ‘Leag do chrúsca ar an talamh agus lig dom deoch a ól,’ agus a fhreagróidh: ‘Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith,’ go mba ise, guím thú, an bhean atá roghnaithe agat do do shearbhónta Íosác. Uaidh seo beidh a fhios agam go bhfuil tú cineálta le mo mháistir Abrahám.”

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

“A Thiarna Dia liom,” ar sé, “cá bhfios dom go mbeidh sé mar oidhreacht agam?”

Seo i mo sheasamh anseo mé láimh leis an tobar fíoruisce agus iníonacha mhuintir na cathrach ag teacht amach ag triall ar uisce.

Is ar éigean a bhí na focail sin ráite aige nuair a tháinig Ribeacá amach agus crúsca ar a gualainn aici. Ba í iníon Bhatúél mac Mhilceá bean dheartháir Abrahám, Náchór.

“Bíodh deoch agat, a thiarna,” ar sí á fhreagairt agus lig sí an crúsca anuas ar a géag gan mhoill agus thug deoch dó.

Tar éis di an deoch a thabhairt do, dúirt sí: “Tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith go n‑óla siad a sáith.”

Seo mé i mo sheasamh ag an tobar fíoruisce: an ógbhean dá bhrí sin a thiocfaidh amach ag triall ar uisce agus a ndéarfaidh mé léi: Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca, le do thoil, agus a déarfaidh:

Bíodh deoch agat, agus tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith - gurab í sin an bhean a roghnaigh an Tiarna do mhac mo mháistir.’

Dúirt Ióáb le hAmásá: “An bhfuil tú ar fónamh, a bhráthair?” Agus rug Ióáb ar fhéasóg ar Amásá lena dheasóg lena phógadh.

Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann, ansin ar aghaidh leat mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.”

Tagann teach agus maoin mar oidhreacht athar, ach tagann bean chiallmhar ó láimh an Tiarna.

“Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.”

agus ag achainí air go n‑éireoidh liom ar dhóigh éigin teacht chugaibh ar cuairt faoi dheireadh thiar le deonú Dé.

Dúradar leis ansin: “Téigh i gcomhairle leis an Tiarna, le do thoil, agus faigh amach dúinn an rithfidh linn sa turas seo ar a bhfuilimid ag triall.”

“Má fuair mé gean uait,” arsa Gideón leis, “tabhair dom comhartha gur tusa féin atá ag labhairt liom.

féach, seo lomra olla á leathadh agam ar an urlár buailte. Má bhíonn drúcht ar an lomra amháin, agus an t‑urlár go léir tirim, ansin beidh a fhios agam go ndéanfaidh tú Iosrael a fhuascailt le neart mo láimhe, mar a dúirt tú.”

Má deir sé: ‘Tá go maith,’ tá do shearbhónta slán; ach má thagann fearg air, bíodh a fhios agat go bhfuil an t‑olc beartaithe aige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí