d'fhonn go dtabharfadh sé dom an uaimh atá aige i Macpaelá: tá sé ar imeall a fhearainn. Tugadh sé dom í in bhur bhfianaise ar an iomlán is fiú í, chun í a bheith agam mar ionad adhlactha.”
Tharla Eafrón a bheith ina shuí i measc chlann Héat agus thug Eafrón an Hiteach freagra ar Abrahám i gcomhchlos chlann Héat agus na ndaoine go léir a ghabh geata a chathrach isteach.
“Is coimhthíoch agus deoraí mé in bhur measc: tugaigí seilbh dom ar ionad adhlactha in bhur measc, go ndéanfaidh mé mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl.”
agus labhair sé leo: “Más toil libh,” ar sé leo, “go ndéanfainn mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl, éistigí liom agus déanaigí idirghuí ar mo shon le hEafrón mac Zochar,
Ansin thug sé treoracha dóibh. “Is mithid mé a chruinniú chun mo mhuintire,” ar sé. “Déantar mé a adhlacadh i bhfochair m'aithreacha san uaimh i bhfearann Eafrón an Hiteach,
Óir thug a mhic é go tír Chanán agus rinneadar é a adhlacadh san uaimh san fhearann i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha.
Ansin dúirt Dáiví le hOrnán: “Tabhair dom láthair an urláir bhuailte le haltóir a thógáil ann don Tiarna - tabhair dom é ar a luach iomlán - i dtreo go gcasfaí an phlá ar shiúl ón bpobal.”
Ach dúirt Dáiví rí le hOrnán: “Ní dhéanfaidh mé amhlaidh ach ceannóidh mé uait é ar a lánluach. Ní thógfaidh mé don Tiarna an rud is leatsa; ní ofrálfaidh mé íobairtí uileloiscthe nár chosain aon ní orm.”
Ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige.