agus labhair sé leo: “Más toil libh,” ar sé leo, “go ndéanfainn mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl, éistigí liom agus déanaigí idirghuí ar mo shon le hEafrón mac Zochar,
d'fhonn go dtabharfadh sé dom an uaimh atá aige i Macpaelá: tá sé ar imeall a fhearainn. Tugadh sé dom í in bhur bhfianaise ar an iomlán is fiú í, chun í a bheith agam mar ionad adhlactha.”
Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;