Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 23:19

An Bíobla Naofa 1981

Ansin rinne Abrahám Sárá, a bhean, a adhlacadh san uaimh i bhfearann Macpaelá lastoir de Mhamrae (Heabrón is é sin) i dtír Chanán.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Abrahám é, i bhfianaise chlann Héat agus os comhair na ndaoine go léir a ghabh trí gheata a chathrach isteach.

Chuir clann Héat an fearann agus an uaimh a bhí ann i seilbh dhílis Abrahám le bheith aige mar ionad adhlactha.

Le hallas do ghrua is ea a íosfaidh tú do chuid aráin go bhfillfidh tú ar an talamh mar is as a tháinig tú. Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.”

“Imigh leat anois,” ar sé leis, “agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.” Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim.

ach sín sa chré mé le mo shinsir. Tóg ón Éigipt amach mé agus adhlaic mé san aon tuama leo.” D'fhreagair seisean: “Déanfaidh mé mar a dúirt tú.”

Óir thug a mhic é go tír Chanán agus rinneadar é a adhlacadh san uaimh san fhearann i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha.

Ansin chuir Iósaef clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: “Nuair a thiocfaidh Dia ag triall oraibh, tugaigí mo chnámha libh ón áit seo gan teip.”

Tá a fhios agam gur go dtí an bás atá tú do mo bhreith, Agus go teach cruinnithe na mbeo go léir.

nuair a bhíonn eagla ar dhuine roimh arda agus scanradh air siúl sa tsraid; nuair a bhíonn an crann almóinne faoi bhláth agus an dreoilín teaspaigh ag éirí malltriallach agus caor na cupraisce gan éifeacht; óir tá an duine ag triall ar an áitreabh síoraí agus siúlann na caointeoirí mórthimpeall na sráideanna;

sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.

Dá nginfeadh duine céad leanbh agus go mairfeadh sé mórán blianta sa chaoi go mbeadh saol fada aige, mar sin féin mura bhfaigheadh sé sásamh aigne as a chuid saibhris agus nach ndéanfaí é a adhlacadh go cóir ar deireadh, deirimse go mbeadh an marbhleanbh níos fearr as na é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí