Mhair Sárá céad agus a fiche seacht mbliana; ba é sin an líon blianta saoil a fuair Sárá:
Shléacht Abrahám go talamh agus gháir agus dúirt ina chroí: “An mbéarfar mac don té atá céad bliain d'aois? An mbeidh leanbh ag Sárá agus í nócha bliain d'aois?”
Bhí leannán leapa aige leis darbh ainm Reúmá, agus rug sí clann: Teabach agus Gacham agus Tachais agus Mácá.
agus d'éag Sárá i gCiriát Arba, nó Heabrón, i dtír Chanán, agus chuaigh Abrahám isteach ag caí Sárá agus á caoineadh.
Rug Íosác Ribeacá leis isteach ina bhoth, rinne a chuid féin di, agus thug grá di.