Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 22:8

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair Abrahám: “Cuirfidh Dia féin an t‑uan ar fáil don íobairt dhóite,” agus ar aghaidh leo araon le chéile.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.”

Thug Abrahám “Soláthar ón Tiarna” ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: “Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.”

Dúirt Íosác lena athair Abrahám: “A dhaid,” ar sé. “Anseo dom!” arsa Abrahám. “Seo é an tine,” ar sé, “agus an t‑adhmad, ach cá bhfuil an t‑uan d'íobairt dhóite?”

Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t‑adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad.

Dúirt Éilias le hEilíseá: “Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá. Níl an Tiarna do mo chur ach go dtí an Iordáin.” D'fhreagair sé áfach: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú.” Agus chuaigh an bheirt acu ar aghaidh le chéile.

Dúirt Amaiziá leis an ngiolla Dé: “Cad a dhéanfaimid faoin gcéad tallann a thug mé d'arm Iosrael?” D'fhreagair an giolla Dé: “Is féidir don Tiarna i bhfad níos mó ná sin a thabhairt duit.”

Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine, ach tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”

Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.

Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: “Seo é Uan Dé.”

Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.

Agus is é a bhí á rá acu de ghlór ard: “Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris, agus eagna, agus nirt, agus onóra, agus glóire, agus molta.”

Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an ríchathaoir agus na ceithre dúile beo, agus na seanóirí; bhí seacht n‑adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile.

Dúirt mé mar fhreagra air: “A Thiarna liom, tá fhios agat.” Agus dúirt sé liom: “Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n‑éidí i bhfuil an Uain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí