Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 22:5

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt Abrahám lena shearbhóntaí: “Fanaigíse anseo leis an asal; rachaidh mise agus an gasúr ansiúd sall; déanfaimid adhradh agus ansin filleadh oraibh.”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

D'fhill Abrahám ansin ar a shearbhóntaí agus d'imíodar le chéile go Béar Seaba, agus chuir Abrahám faoi i mBéar Seaba.

Ar an tríú lá thóg Abrahám a shúile agus chonaic sé an áit i bhfad uaidh.

Thóg Abrahám adhmad na híobartha dóite, agus chuir ar muin a mhic Íosác é; agus rug leis ina láimh an tine agus an scian agus chuir siad araon chun siúil le chéile.

Dúirt sé leis na seanóirí: “Fanaigí anseo liom go bhfillfimid ar ais chugaibh; agus seo iad Árón agus Húr agaibh, agus má bhíonn caingean ag aon duine le réiteach, téadh sé chucu.”

Óir chreid sé go bhféadfadh Dia Íosác a thógáil ó na mairbh féin. Dá bharr sin, tugadh ar ais dó é - eachtra a raibh brí shamhailteach léi.

Ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d'fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí