Ach d'áitigh sé go dian orthu agus chasadar abhaile leis agus chuadar isteach ina theach. Chóirigh sé béile dóibh, bhácáil arán slim dóibh agus d'itheadar bia.
Ar an tríú lá, ar a lá breithe, rinne Forann féasta dá shearbhóntaí go léir, agus thug sé cead a gcinn don phríomhchornaire agus don phríomhbháicéir i láthair na bhfeidhmeannach.
Dhúisigh Solamh. Féach, brionglóid ab ea é! Ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim agus sheas sé os comhair áirc chonradh an Tiarna, agus d'ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach, agus bhí fleá aige dá shearbhóntaí go léir.
Ansin dúirt Samsón leo: “Cuirim tomhas chugaibh. Má bhíonn an freagra agaibh dom agus a fháil amach céard é laistigh de sheacht lá na féile, tabharfaidh mé tríocha brat de línéadach mín, agus tríocha éide aonaigh daoibh.
Ach ní dheachaigh Hanná, mar dúirt sí lena fear: “Nuair a bhainfear an leanbh den chíoch, tabharfaidh mé liom ansin é agus cuirfear i láthair an Tiarna é, agus fanfaidh sé ansiúd go brách.”
Nuair a bhain sí ó dhiúl é, thug sí léi é, maille le tarbh trí bliana, agus éafá plúir, agus soitheach fíona; thug sí go teach an Tiarna i Sileo é, agus é fós ina leanbh óg.
D'fhill Aibíogáil ar Nábál, agus bhí fleá ar siúl aigesean ina theach, fleá mar a mbeadh ag rí. Bhí Nábál meidhreach súgach agus toisc é a bheith ar a chaoil ní dúirt sí focal leis go raibh sé ina lá.