Shléacht Abrahám go talamh agus gháir agus dúirt ina chroí: “An mbéarfar mac don té atá céad bliain d'aois? An mbeidh leanbh ag Sárá agus í nócha bliain d'aois?”
An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche, an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne? Agus dearmad dá ndéanfadh féin, ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!
Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh: “Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom? Bhí mé gan chlann agus mé aimrid, ach iad seo, cé a thóg suas iad?” Bhí mé fágtha liom féin, an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?
Gáir le háthas, a bhean aimrid nár shaolaigh clann; bris amach i ngártha áthais agus lúcháire, tusa nach raibh i bpriacal riamh! Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe ná clann na mná céile, a deir an Tiarna.
Trí chreideamh freisin fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil d'ainneoin go raibh sí thar an aois chuige. Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh.