Thug Abrahám caoirigh agus eallach leis ansin agus bhronn ar Aibímeilic iad agus rinneadar conradh le chéile.
Tháinig duine d'fhuíoll an áir go hAbrám an tEabhrach a raibh cónaí air ag Dair Mhamrae an tAmórach, deartháir Eisciol agus Áinéar; bhíodarsan i gcomhar le hAbrám.
Níor luaigh tú féin aon ní liom faoi, ná níor chuala mise focal faoi go dtí inniu.”
Chuir Abrahám seacht bhfóisc den tréad i leataobh.
Téanam anois agus déanaimis conradh, mise agus tusa; agus bíodh sé ina fhinné idir mé agus tú.”
Buachloch breab dar le fear a bronnta; ritheann leis cibé slí a chasann sé.
Tuilleann bronntanas slí isteach do dhuine, agus tugann sé i láthair na bhflatha é.
[Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste, ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.
Cuireann tabhartas faoi choim fearg chun suain, agus múchann breab faoin mbrat an cuthach feirge.
ach an té atá uasal, is uasal dá bhearta, agus an rud uasal, is é á chuireann sé i bhfeidhm.
Ghlac sé fear de shíol na rí agus rinne conradh leis, á chur faoi bhrí na mionn. Ghabh sé cheana féin taoisigh na tíre
bíonn siad gan tuiscint gan tairise, gan taise gan trua.
Tógaimis sampla ón ngnáthshaol, a bhráithre. Nuair a bhíonn uacht daingnithe mar is cuí, ní dhéanann aon duine í a chealú ná cur léi.
Rinne Iónátán conradh le Dáiví go dtabharfadh sé grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin.