Éirigh, tóg an leanbh agus coinnigh greim docht láimhe air, mar déanfaidh mé cine mor de.”
Agus dúirt aingeal an Tiarna léi chomh maith: “Cuirfidh mé an rath ar do shíol i dtreo nach bhféadfar iad a áireamh le barr líonmhaire.”
Fuair aingeal an Tiarna í cois tobar uisce san fhásach, an tobar ar an mbealach go Siúr.
D'éist mé le do ghuí ar son Ísmeáél chomh maith. Féach, beannóidh mé é agus cuirfidh mé an rath air, agus sliocht líonmhar thar na bearta; beidh sé ina athair ar dháréag flaith agus déanfaidh mé cine mór de.
Ach déanfaidh mé cine de mhac na daoirsí mar an gcéanna mar gurb é do shíolsa é.”
Ach ghlaoigh aingeal an Tiarna air ó neamh agus dúirt: “A Abrahám, a Abrahám.” Dúirt sé: “Anseo dom.”