Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 21:1

An Bíobla Naofa 1981

Thug an Tiarna cuairt ar Shárá mar a dúirt sé, agus rinne sé di mar a gheall sé.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus bronnfaidh mé mac ort uaithi; cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus beidh sí ina máthair ar chiníocha; beidh ríthe ciníocha ag cineadh uaithi.”

“Ní hé sin é,” arsa Dia, “ach béarfaidh do bhean Sárá mac agus tabharfaidh tú Íosác mar ainm air. Daingneoidh mé mo Chonradh leis ina Chonradh síoraí .i. mé a bheith i mo Dhia aige féin agus ag a shliocht ina dhiaidh.

Ach Íosác a bhéarfaidh Sárá duit an taca seo an bhliain seo chugainn, is leis a dhaingneoidh mé mo Chonradh.”

“Fillfidh mé ort,” arsa an t‑aoi, “sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn, agus beidh mac ag Sárá do bhean.” Bhí Sárá ag cúléisteacht ag doras na botha taobh thiar de.

An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.”

Sárá, bean mo mháistir, rug sí mac dó ina seanaois; thug sé a bhfuil aige dósan.

Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: “Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d'Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.”

Ach ghabh an bhean gin agus rug sí mac um an dtaca sin an t‑earrach a bhí chucu faoi mar a dúirt Eilíseá léi.

Bí ag cuimhneamh orm, a Thiarna, bí go maith dom, as ucht do ghrá do do phobal. Tar chugam, a Thiarna, le do chúnamh;

“Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbocht éireoidh mé féin anois,” arsa an Tiarna. “Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.”

Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,

“Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt;

Chreid an pobal agus bhí lúcháir orthu mar gur thug an Tiarna cuairt ar chlann Iosrael agus go bhfaca sé a gcruachás, agus chromadar a gceann agus rinneadar adhradh.

Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.

“Moladh don Tiarna, Dia Iosrael, óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt;

nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir d'fhiosraithe.”

Rugadh mac na daormhná ar an ngnáthshlí ach is de bharr gealltanais a rugadh mac na saormhná.

Is sibhse, a bhráithre, an chlann a rugadh de bharr gealltanais, dála Íosác.

le súil go mbainfidís amach an bheatha shíoraí. Gheall Dia, nár thug éitheach riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire

Chuir sí féin agus baintreacha a mac faoi réir ansin le filleadh as tír Mhóáb óir d'airigh sí i dtír Mhóáb gur tháinig an Tiarna i gcabhair ar a mhuintir agus gur thug bia dóibh.

D'éirigh siad go moch ar maidin agus rinne adhradh i láthair an Tiarna, agus d'fhill siad abhaile go Rámá. Luigh Ealcáná lena bhean Hanná agus chuimhnigh an Tiarna uirthi.

D'fhiosraigh an Tiarna Hanná: toirchíodh í agus rug sí triúr mac agus beirt iníon. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag fás aníos os comhair an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí