Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 20:3

An Bíobla Naofa 1981

Ach tháinig Dia i bhfís oíche chun Aibímeilic: “Tá an bás chugat,” ar sé leis, “de bharr na mná seo a ghabh tú chugat, mar tá fear céile aici.”

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Chráigh an Tiarna Forann is a theaghlach le plánna troma mar gheall ar Sháraí bean Abrám.

Ghlaoigh Forann chuige ar Abrám dá bhrí sin agus dúirt: “Cad é seo a rinne tú orm? Cén fáth nár inis tú gurbh í do bhean í?

Tabhair an bhean ar ais, más ea, dá fear céile anois, óir is fáidh é agus guífidh sé ar do shon agus mairfidh tú. Ach mura dtabharfaidh tú ar ais í, bíodh a fhios agat go bhfaighidh tú féin agus cách is leat bás na mbás.”

Rinneadh taibhreamh dó: dréimire ina sheasamh ar an talamh agus a bharr ag sroicheadh neimhe, agus bhí aingil Dé suas agus anuas air.

Ach tháinig an Tiarna i dtaibhreamh oíche chun Lábán an tArámach agus dúirt leis: “Ná habair aon ní ar aon chor ar aon chúinse le Iacób.”

Rinneadh taibhreamh do Iósaef, más ea, agus d'inis sé dá dheartháireacha é, agus ba mhóide a bhfuath dó.

Rinneadh taibhreamh eile dó agus d'inis sé dá dheartháireacha é: “Féach! bhí taibhreamh eile agam,” ar sé. “Ba shiúd iad an ghrian agus an ghealach agus aon réalta dhéag ag sléachtadh dom.”

Rinneadh taibhreamh dóibh araon san aon oíche amháin - a thaibhreamh féin lena chiall féin do chornaire agus do bháicéir rí na hÉigipte a bhí faoi ghlas i gcarcair.

“Rinneadh taibhrimh dúinn,” ar siad, “agus níl fear a mínithe againn.” Agus dúirt Iósaef leo: “Nach le Dia a bhaineann sé taibhrimh a mhíniú? Insígí dom iad, le bhur dtoil.”

Agus labhair Dia le hIosrael i bhfís oíche agus ghlaoigh: “A Iacóib, a Iacóib!” “Anseo dom,” ar sé.

Níor lig sé d'aon duine luí orthu, Ach smachtaigh sé ríthe ar a son.

Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche, Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain, Agus iad ina sámhchodladh ina leaba.

D'fhonn an duine a iompú óna dhrochbhearta, Agus deireadh a chur lena dhíomas.

Níor lig sé d'aon neach cos ar bolg a dhéanamh orthu; ach rinne bagairt ar ríthe ar a son.

Isteach le Ióna sa chathair agus is ar éigean a bhí turas aon lae amháin siúlta aige agus an t‑oracal seo á fhógairt aige: “I gceann daichead lá eile scriosfar Nínivé,”

Tháinig Dia go Balám agus dúirt: “Cé hiad na fir seo ag fanúint farat?”

Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.

Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m'fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí