Nuair a chuir muintir na háite ceist air faoina bhean, d'fhreagair sé: “Is í mo dheirfiúr í,” mar bhí eagla air a rá: “Is í mo bhean í,” le faitíos go gcuirfidís é féin chun báis ar son Ribeacá de bharr feabhas a scéimhe.
Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: “Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan?
Rinne Eilíeizir mac Dhódaváhú ó Mháraeiseá tairngreacht in aghaidh Iahóiseáfát á rá: “De bhrí go ndearna tú conradh le hAchaizíá,” ar sé, “tá do shaothar millte ag an Tiarna.” Scriosadh na longa agus níor éirígh leo riamh seoladh go Tairsís.
Fiú amháin i gcás na dteachtairí ó thaoisigh na Bablóine a tháinig chun ceist a chur faoin rud iontach a tharla sa tír, níor thréig Dia é ach lena phromhadh agus le rúin a chroí a fháil amach.