Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 20:1

An Bíobla Naofa 1981

D'imigh Abrahám ón ait sin go dúiche an Neigib agus chuir faoi idir Cáidéis agus Siúr agus tamall á chaitheamh aige i nGearár.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Ghabh críocha Chanán ó Shíodón i dtreo Ghearár go Gazá agus i dtreo Shodom agus Gomorá agus Adamá agus Zabóím go Laise.

Agus bhog Abrám leis ag dul i dtreo an Neigib i gcónaí.

Tháinig Abrám ón Éigipt isteach sa Neigib lena bhean agus a raibh aige agus Lót fairis.

Ansin d'fhilleadar agus thángadar go Tobar an Bhreithiúnais (Cáidéis, is é sin), agus leagadar lámh ar chríocha uile na nAmáiléiceach agus ar na hAmóraigh a chónaigh i Hazazon Támár.

Níor rug Sáraí bean Abrám aon chlann, más ea, do Abrám, ach bhí ionailt Éigipteach aici darbh ainm Hágár.

Uime sin a tugadh Tobar Lachaí Roí (an Bheo a Fheiceann mé) ar an tobar; tá sé idir Cáidéis agus Báiread.

Fuair aingeal an Tiarna í cois tobar uisce san fhásach, an tobar ar an mbealach go Siúr.

Thaispeáin an Tiarna é féin dó ag Dair Mhamrae agus é ina shuí i mbéal a bhotha i mbrothall an lae.

Agus d'fhan Abrahám tamall fada i dtír na bhFilistíneach.

Bhí Íosác ag cur faoi sa Neigib agus é tagtha um an dtaca sin go dtí fásach Thobar an Bheo a Fheiceann.

Bhí cónaí air sa dúiche idir Havalá agus Siúr lastoir den Éigipt ar an mbealach chun na hAsaíre. Bhíodh sé ag spairn lena bhráithre go léir.

Bhí gorta sa tír - ceann eile seachas é siúd a bhí le linn Abrahám - agus chuaigh Íosác go Gearár, go hAibímeilic rí na bhFilistíneach.

tháinig aoirí Ghearár chun imris le haoirí Íosác á rá: “Linne an t‑uisce.” Thug sé Éisic (Aighneas) dá bhrí sin ar an tobar mar go ndearnadar aighneas leis.

Agus tháinig Aibímeilic ar a thuairisc ó Ghearár agus Achuzat a chomhairleoir agus Fíocol a thaoiseach airm in éineacht leis.

D'fhan Íosác i nGearár dá bhrí sin.

croitheann glór an Tiarna an fásach, cuireann an Tiarna fásach Cháidéis ar crith.

Sheol Maois Iosrael ar aghaidh ó Mhuir na nGiolcach agus isteach leo i bhfásach Shiúr mar ar leanadar sa siúl tríd an bhfásach ar feadh trí lá gan uisce a fháil.

Thángadar go dtí Maois, Árón agus go comhthionól uile chlann Iosrael i bhfásach Phárán ag Cáidéis. Thugadar a dtuairisc dóibhsean agus don chomhthionól go léir agus thaispeánadar torthaí na tíre dóibh.

Ghlaomar chun an Tiarna; d'éist sé linn agus chuir sé aingeal chugainn chun sinn a thabhairt amach as an Éigipt. Táimid anois i gCáidéis, cathair ar imeall do chríche.

“D'fhágamar Horaeb agus shroicheamar an fásach mór uafar a chonaic sibh. Ar aghaidh linn go harda na nAmórach mar a d'aithin an Tiarna dúinn, agus bhaineamar amach Cáidéis Bairnéa.

Óir rinne sibh feall ar iontaoibh liom i measc chlann Iosrael an uair úd ag Miríbeat Cáidéis, i bhfásach Zin; mar níor thaispeáin sibh mo naofacht i measc chlann Iosrael.

Scrios Sól na hAmáiléicigh dá bhrí sin, ó Havalá go Siúr, atá lastoir den Éigipt.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí