Dúirt Dia: “Féach! Thugas daoibh gach uile lus le síol dá bhfuil ar chlár na talún, agus gach uile chrann le síol ina dtoradh; iadsan a bheidh ina mbia agaibh.
Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.
Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.
Ach d'fhreagair Samúéil: “An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtí ná go n‑éistfí go humhal le glór an Tiarna? Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt, is fearr géilliúlacht ná geir reithí.