Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 2:15

An Bíobla Naofa 1981

Thóg an Tiarna Dia an duine agus chuir i ngairdín Éidin é chun é a shaothrú agus aire a thabhairt dó.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

An Tigris a thugtar ar an tríú habhainn agus sníonn sí lastoir den Aisír. An Eofrataes an ceathrú habhainn.

Thug an Tiarna Dia aithne don duine á rá: “Tá saorchead agat toradh a ithe de gach crann sa ghairdín,

Ar an seachtú lá chríochnaigh Dia an obair a rinne sé. Scoir sé ar an seachtú lá den obair go léir a rinne sé.

Phlandaigh an Tiarna Dia parthas in Éidin san oirthear agus chuir sé ann an duine a chum sé.

Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]? Agus ar chuir mé m'urchóid i bhfolach i mo chliabh?

Íosfaidh tú toradh de shaothair féin; beidh tú go sona séanmhar.

An té a bhíonn ag goid, ná déanadh sé goid níos mó ach bíodh sé ag obair go macánta lena dhá láimh féin ionas go mbeadh rud aige le roinnt ar an té atá ar an ngannchuid.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí