Gíohón a thugtar ar an dara habhainn agus is í a ghabhann timpeall tír Chúis go léir.
Clann mhac Hám: Cúis agus Miosráím agus Pút agus Canán.
Ghin Cúis Niomrod, an chéad fhear ar talamh a ndearnadh flaith de.
Píseon a thugtar ar an gcéad abhainn díobhsan, agus is í sin a ghabhann timpeall tír Havalá go léir mar a bhfuil an t‑ór.
Is maith é ór na tíre sin, agus tá bdellium ann agus óinix.
An Tigris a thugtar ar an tríú habhainn agus sníonn sí lastoir den Aisír. An Eofrataes an ceathrú habhainn.
Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.