Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 2:12

An Bíobla Naofa 1981

Is maith é ór na tíre sin, agus tá bdellium ann agus óinix.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Píseon a thugtar ar an gcéad abhainn díobhsan, agus is í sin a ghabhann timpeall tír Havalá go léir mar a bhfuil an t‑ór.

Gíohón a thugtar ar an dara habhainn agus is í a ghabhann timpeall tír Chúis go léir.

Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír, Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.

agus clocha oinisce agus geamaí le cur san éafód agus sa lúireach.

beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Beidh siad go léir ar leaba d'fhiolagrán óir.

beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Bhíodar go léir luite ar leaba d'fhiolagrán óir.

bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t‑iomlán an lá ar cruthaíodh thú.

Anois bhí an manna mar shíol coiriandair, agus dealramh bdellium air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí