Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 2:1

An Bíobla Naofa 1981

Críochnaíodh neamh agus talamh agus a gcóiriú go léir ar an gcuma sin.

Féach an chaibidil Cóip

34 Tagairtí Cros  

I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.

Agus thug Dia “tír” ar an talamh tirim, agus “farraigí” ar na huiscí le chéile. Chonaic Dia gur mhaith sin.

Sin iad céatúsa neimhe agus talún nuair a cruthaíodh iad. Nuair a rinne an Tiarna Dia neamh agus talamh,

Agus dúirt Hiziciá an urnaí seo i láthair an Tiarna: “A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá i do shuí sa chathaoir ríoga ar na ceiribíní, is tusa amháin Dia ríochtaí uile an domhain; is tusa a rinne neamh agus talamh.

Tá ceardaí oilte á chur agam chugat freisin, Húrám Áibí,

Tusa amháin is Tiarna; Rinne tusa na flaithis, flaithis na bhflaitheas, lena gcóiriú go léir, An talamh agus a torthaí go léir, Na farraigí agus a bhfuil ina gcrioslach. Chuir tú anam sna nithe sin go léir; Agus cromann sluaite na bhflaitheas os do chomhair.

Céard é ina measc seo go léir nach eol dó Gurb é lámh Dé a rinne é seo go léir?

tá tú gléasta le solas mar le fallaing. Leath tú na spéartha mar bhrat botha;

an té a rinne neamh agus talamh, an fharraige, agus gach a bhfuil iontu. An té a sheasann lena bhriathar de shíor;

Lena bhriathar a rinneadh na flaithis: le hanáil a bhéil na realtaí go léir.

Labhair sé agus rinneadh gach aon ní. D'ordaigh sé agus ráinig siad ann.

Óir is i sé lá a rinne an Tiarna neamh agus talamh agus an fharraige, agus gach a bhfuil iontusan, ach ar an seachtú lá scoir sé ó obair. Uime sin bheannaigh an Tiarna lá na sabóide agus naomhaigh é.

Is comhartha í go brách, idir mé agus clann Iosrael, go ndearna an Tiarna neamh agus talamh i sé lá, ach ar an seachtú lá gur scoir sé agus gur lig a scíth.’ ”

tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile. Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla ann agus slua na reann ag feo, mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo, mar dhuilliúr feoite an chrann figí.

Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia, an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad, a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann, a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air agus meanma sa dream a shiúlann é:

Is mise a rinne an talamh, is mé a chruthaigh an duine atá ina chónaí air. Mise le mo lámha féin a spréigh amach na spéartha agus tá ceannas agam ar a slua go léir.

Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna, Cruthaitheoir na spéartha, arb é Dia é, arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é, a chuir bun faoi agus nár chruthaigh in anord é ach a rinne áit chónaithe de: “Is mise an Tiarna, níl m'athrach ann.

Mo lámh is í a bhunaigh an talamh, mo dheaslámh a scar amach na spéartha. Ach mé a ghlaoch orthu, éiríonn siad aniar chugam in éineacht.

Is ard iad na spéartha os cionn na talún, agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaí agus mo bhearta os cionn bhur mbearta.

Óir tá mé chun spéartha nua agus talamh nua a chruthú agus ní mheabhrófar feasta na rudaí a tharla, ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó.

Is é a rinne an talamh lena chumhacht, is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna, agus a spréigh amach na spéartha lena ghrinneas.

Ní cosúil leo siúd “Roinn Iacóib”, óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó.

Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b'ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n‑iarr siad comhairle orthu, agus a d'adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.

Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann:

Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá:

Ar chlos an scéil dóibhsean ghuigh siad os ard d'aonghuth chun Dé. “A Mháistir,” ar siad, “is tusa a rinne neamh agus talamh agus an mhuir agus gach a bhfuil iontu.

Ach d'iompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe: ‘Ní domsa a thug sibh tíolacthaí agus íobairt ar feadh daichead bliain san fhásach, a theaghlach Iosrael;

agus a théann ag déanamh seirbhíse do dhéithe eile ag adhradh dóibh - nó don ghrian nó don ghealach nó do cheann de shluaite neimhe, rud a choisc mé,

Nuair a thógann tú do shúile chun nimhe, agus go bhfeiceann tú an ghrian, an ghealach, na réaltaí agus eagar uile neimhe ná mealltar thú agus sléachtadh dóibh agus fónamh dóibh. D'fhág an Tiarna do Dhia iadsan faoi na ciníocha uile faoin spéir;

Ach sinne, a bhfuil an creideamh againn, táimidne ag dul isteach san áitreabh suaimhnis, faoi mar atá ráite aige: “Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: ‘Ní rachaidh siad isteach i m'áitreabh suaimhnis choíche.’ ” Dúirt sé é sin bíodh go raibh deireadh le hobair Dé nuair a cruthaíodh an domhan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí