Geineasas 19:9An Bíobla Naofa 1981“Druid siar!” ar siadsan leis agus leanadar orthu á rá: “Níl anseo ach duine iasachta thar tír isteach, agus b'áil leis a bheith ina bhreitheamh! Is measa an íde a thabharfaimid ortsa anois na orthusan!” Agus ansin bhrúdar go dian ar Lót agus dhruid siad i gcóngar an dorais chun é a bhriseadh. Féach an chaibidil |
I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.