Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 19:1

An Bíobla Naofa 1981

Shroich an dá aingeal Sodom an tráthnóna sin, agus bhí Lót ina shuí ag geata Shodom. Nuair a chonaic Lót iad, d'éirigh sé chun bualadh leo agus shléacht go talamh rompu.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Seo sliocht Thearach: Ghin Tearach Abrám, Náchór agus Hárán. Ghin Hárán Lót.

Chuir Abrám faoi i dtír Chanán; chuir Lót faoi i measc cathracha an ghleanna agus d'aistrigh sé a bhoth i gcóngar Shodom.

Chuir na fir chun bóthair agus tháinig i radharc Shodom agus Abrahám in éineacht leo ag taispeáint na slí dóibh.

D'imigh na fir leo i dtreo Shodom, ach d'fhan Abrahám ina sheasamh i láthair an Tiarna.

Ach shín an bheirt a lámha amach agus tharraing siad Lót chucu isteach, agus dhún an doras.

“A mhaithe,” ar sé, “iarraim oraibh teacht i leataobh go teach bhur searbhónta, agus an oíche a chaitheamh ann, agus bhur gcosa a ionladh. Ar maidin ansin ní miste daoibh éirí go moch agus cur chun bóthair arís.” “Ní dhéanfaimid,” ar siadsan, “ach an oíche a chaitheamh ar an tsráid.”

Ansin shléacht Abrahám i láthair mhuintir na tíre.

Ansin thóg Iósaef an bheirt mhac óna ghlúine chuige féin, agus shléacht sé go talamh.

Nuair a ghabh mé amach go geata na cathrach, Nuair a shuigh mé in áit an mhargaidh,

Níor ghá do dheoraí riamh codladh sa tsráid; Bhí mo dhoras riamh ar leathadh don [taistealaí].

Agus an uair a chuir mé sacéadach orm is amhlaidh a bhí mé i mo cheap magaidh acu.

Mar an gcéanna, amhail mar a bhí i laethanta Lót: bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag ceannach, bhí siad ag díol, bhí siad ag plandáil, bhí siad ag tógáil;

ná déanaigí dearmad ar an bhféile a chleachtadh. Óir, mar gheall ar a bhféile bhí daoine áirithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan fhios dóibh.

Chuaigh Boaz go dtí an geata agus shuigh sé ansiúd, agus seo chuige an gaol gairid ar ar labhair sé. Dúirt Boaz: “Gabh i leith, a chara, agus suigh taobh liom,” agus tháinig sé agus shuigh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí