Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 18:9

An Bíobla Naofa 1981

Agus chuireadar ceist air: “Cá bhfuil do bhean Sárá?” “Tá sí sa bhoth,” ar sé.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

“Fillfidh mé ort,” arsa an t‑aoi, “sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn, agus beidh mac ag Sárá do bhean.” Bhí Sárá ag cúléisteacht ag doras na botha taobh thiar de.

Thug sé leis ansin gruth agus bainne agus an lao a bhí réidh aige agus leag sé an chóir sin go léir rompu agus fad a bhíodar ag ithe sheas sé láimh leo faoin gcrann.

Rug Íosác Ribeacá leis isteach ina bhoth, rinne a chuid féin di, agus thug grá di.

Ach ghlaoigh an Tiarna Dia ar an bhfear: “Cá bhfuil tú?” ar sé leis.

Chuaigh Lábán dá bhrí sin isteach i mboth Iacóib agus i mboth Léá agus i mboth an bheirt ionailt, ach ní bhfuair sé iad. Tháinig sé amach as both Léá agus chuaigh sé isteach i mboth Ráchael.

Ansin dúirt an Tiarna le Cáin: “Cá bhfuil Áibil do dheartháir?” “Níl a fhios agam,” ar sé. “An mise coimeádaí mo dhearthár?”

agus bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé.

Trí chreideamh chuir sé faoi sa tír tairngire faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le Iacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí