Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 18:4

An Bíobla Naofa 1981

Tugtar braon uisce chugaibh agus ionlaigí bhur gcosa agus ligigí bhur scíth faoin gcrann.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

“A thiarna,” ar sé, “más áil leat mé, ná gabh thar do shearbhónta, le do thoil.

“A mhaithe,” ar sé, “iarraim oraibh teacht i leataobh go teach bhur searbhónta, agus an oíche a chaitheamh ann, agus bhur gcosa a ionladh. Ar maidin ansin ní miste daoibh éirí go moch agus cur chun bóthair arís.” “Ní dhéanfaimid,” ar siadsan, “ach an oíche a chaitheamh ar an tsráid.”

Chuaigh an fear isteach; scoir Lábán na camaill agus thug dó tuí agus foráiste do na camaill agus uisce chun a chosa agus cosa a chompánach a ionladh.

Thug an fear isteach i dteach Iósaef iad ansin agus thug uisce chucu; níodar a gcosa; thug sé siúd foráiste dá n‑asail;

Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach do fhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad.

agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.

Thug sé chun a thí é, agus thug bia do na hasail. Nigh na taistealaithe a gcosa, ansin d'ith agus d'ól.

D'éirigh sise agus chrom go humhal chun talún: “Seo bhur mbanóglach agaibh,” ar sí, “mar dhaoirseach le cosa searbhóntaí mo thiarna a ní.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí