Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 18:3

An Bíobla Naofa 1981

“A thiarna,” ar sé, “más áil leat mé, ná gabh thar do shearbhónta, le do thoil.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

D'fhéach sé suas agus b'shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.

Tugtar braon uisce chugaibh agus ionlaigí bhur gcosa agus ligigí bhur scíth faoin gcrann.

“Tar isteach,” ar sé, “tusa a bheannaigh an Tiarna; cad a ba áil leat i do sheasamh anseo amuigh? óir tá an teach i gcóir duit agus áit do do chamaill.”

agus tá seilbh faighte agam ar eallach agus asail agus tréada, agus ar dhaoir agus daoirseacha. Tá scéala á chur agam ina thaobh seo go dtí mo mháistir le súil go bhfaighinn fabhar i do radharc.’ ”

bhí lé aige le Iósaef agus rinne seisean fónamh dó; agus chuir a mháistir i bhfeighil a theaghlaigh é agus chuir sé gach ní aige faoina chúram.

Guím thú gan imeacht as seo nó go dtiocfaidh mé chugat arís agus go dtabharfaidh mé m'íobairt chugat, agus go gcuirfidh mé i do láthair í.” Agus d'fhreagair seisean: “Fanfaidh mé go dtiocfaidh tú ar ais.”

D'imigh Gideón abhaile ansin agus d'ullmhaigh meannán agus builíní aráin gan ghabháile as éafá plúir. Chuir sé an fheoil i gciseán agus an t‑anraith i gcorcán agus thug sé chuige iad mar a raibh sé faoin dair. Nuair a dhruid sé leis,

dúirt Dia leis: “Beir leat an fheoil, agus na builíní gan ghabháile, agus cuir ar an gcarraig seo iad, agus doirt an t‑anraith orthu.” Rinne sé amhlaidh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí